mikesdipper

Wednesday, November 26, 2008

I mo chonaí i gCaisleán Nua Thiar

Go mbeanna Dia dhaoibh

Mar a tharlaíonn sé, scríobh mé blog cuplá seachtaine ó shin ach chaill mé é, mar sin táim ag scríobh blog eile inniu. Bhuel laids, táim dífhostaithe arís. Níl sé éasca ar chor ar bith. Tá saol crua ag an bun. Chomh maith le sin, táim i mo chonaí sa bhaile agus níl sé sin éasca ach oiread. Ó tháinig mé abhaile ó mo thuras bhí mé ag cuardaigh post múinteoireachta ach tá faic ann i ndáire. Ar aon nós, fuair mé lá oibre i Scoil Mhuire agus Íde, i gCaisleán Nua agus lá eile sa scoil sa baile d'arbh ainm an tOispideál. Ach an seachtain seo, faic na ngrás.

Ar taobh aclaíocht, níl gach rud ag dul go han mhaith ach oiread. Tháinig mé abhaile ó mo thuras agus bhí rud ag cur isteach orm maidir le mo chromán. Anois tá mé ag freastal ar physiotherapist in Áth Dara agus anois tá cursaí níos fearr. Ach níl mé ag rothaíocht ar chor ar bith. Díreach tar éis teacht abhaile bhí mé ag rothaíocht agus chuaigh mé ag rothaíocht leis an gclub dhá uaire ar an Domhnaigh. Bhí sé soiléar do na rothaí eile go raibh mé ag rothaíocht sa Fhrainc, mar bhí mé láidir ar an rothar. Dúirt duine éigin agus muid tar éis greapadh cnoic beag agus an gaoth inár aghaidheanna 'bhí tú ag déanamh roinnt rothaíocht sa Fhrain a Mhaidh'. Ar aon nós, am giorra tar éis sin, chaith mé an rothar a fhaáil ar leath thaobh mar bhi rud éigin ag cur isteach orm maidir le mo chos. Ansin, thosaigh mé ag tabhairt cuairt ar mo Physiol. Idir an dá linn thosaigh mé ag rith ach ní raibh mé ag rith ar feadh a lán ama. Bhí cursaí níos fearr ag rith ach o am go chéile tháinig 'niggle' eile agus chaith mé sos a togáil ar feadh cuplá lá. Ach anois, tá cursaí níos fearr agus tá mo chos níos láidire agus tá súil agam go mbeidh mé ar ais ag rothaíocht i gceann cuplá seachtaine.

Maidir leis bheith ag snámh. Chinn mé dul ar ais go dtí an ionad scíth anseo i gCaisleán Nua, mar bhí linn snámha ann. Mar sin, tá mé ar ais sa linn snámha le trí seachtaine anuas.

Maidir le cursái grá, tá rud éigin ag cur isteach orm go mhór. Mar a tharlaóionn sé, nuair a tháinig mé abhaile ó mo thuras, bhuail mé le Lisa arís agus bhí gach rud thar barr, agus seachtain ina dhiaidh sin bhí muidne i gig i Rath Caola, bhí na 'Dublin City Ramblers' ag seinm. Dúirt mé léi 'is maith liom tusa, an maith leasta mise?' Tháing meangadh gáire ar a aghaidh agus thosaigh sí ag 'nodding'. Ansin, dúirt mé léi ' an bhfuil a fhios agat cad ba cheart dúinn a dhéanamh' agus dúirt sise 'Cad é?' agus dúirt mise ' Ba cheart dúinn dul amach le chéile' agus sin sin. Bhí áthas an domhan orm, agus cheap mé go raibh áthas uirthi freisin. Ar aon nós, bhí gach rud ceart go leor eadrainn ach trí seachtaine nó mar sin bhuail mé léi sa tigh taibhairne i gCaisleán Nua, bhí a deirfiúr agus a buachaill ina a dteannta agus a deartháir agus a chailín ina dteannta.Bhí mise ann le mo dhearthaír. Níl a fhios agam ach ní dóigh liom go raibh gach rud thar barr léi an oíche sin. Ar aon nós, ní bhuial mé léi an deireadh seachtaine ina dhiadh mar bhí sí thar lear i Manchuin ag déanamah staidéar ar an damhsa. An seachtain ina dhiaidh phioc mé suas í agus chuiaigh muid go luimineach chun rang damhsa próideach a dhéanamh le chéile. Ní raibh a fhios agam ag an am ach d'íoc sí 75E le haghaidh an rang. Bhí an rang 30E níos daoire go bharr go riabh mise láithreach. Tar éis an rang chuaigh muid go dtí bialann. Tá cion mór agam ar an cailín seo ach níor coinneáil muid ár láimh, bhí eagla orm faoi rud sin a dheanamh cé go rinne muid an rud sin cuplá uair roimhe. Ar aon nós, d'ith muid i mbialann ach ag deireadh an béile dúirt sí go raibh sí tinn agus ba mhaith léi dul abhaile. D'fhág muid an bialann agus shiúl muid ar ais go dtí an charr. Ní raibh muid ag caint le chéile agus bhí mise ag mothú an brú, tar éis cuplá nóiméad thóg mé a lámh agus bhí cursái níos fearr. Thug mé síob di chuig a teach, agus d'fhág mé slán di, níor phóg muid, bhuel, thug mé póg di ar a leiceann.

Níor bhuil mé léi an deireadh seachtaine seo caite, tháinig fearg orm mar chonaic mé fórgra sa páipéar áitúla agus fuair mé amach gur d'íoc sí 75E le haghaidh an rang, bhí náire an domhain orm, agus sin a fáth nár chuir mé teachtaireacht dé hAoine nó dé Sathain. Pé scéal é, ní raibh sise i dteagmháil liomsa ach oiread. Sheol mé teachtaireacht di maidin dé Domhnaigh, agus fiagraigh mé di ar mhaith léi dul chuig cluiche peile i luimineach. Fuair mé freagra agus dúirt dí go mbeidh sí ag buileadh le cara agus go mbeidh sí ag obair níos déanai. Agus sin a bhfuil anois. Tá fáitíos orm faoi cursaí faoi láthair, tá níos mó cion orm leis an cailín seo ná aon cailín riamh agus cheapiam go bhfuil mé ag cailleadh í, agus thúg an smaointe sin díoma an domhain orm.


Ar aon nós, ní fuair mé an droch scéal uaithi fós.

go dtí an chéad uair eile

slán