mikesdipper

Wednesday, November 07, 2007

Rás dochreidte is ea an Maratón

Ceart go leor gach duine. Ar dtús báire caithfidh mé a rá go raibh sár rás agam i rith an marathon. Bhuel, beagnach an rás foirfe. Bhí sceitiminí agam faoi an rás. Bhuail mé le Seán ón Caisleán Nua agus a bhean Chéile ag an Expo. Tar éis an clárú d’ólamar cupán tae le chéile agus d’itheamar pláta pasta le chéile. Bhí go leor caint again faoi an rás mór agus cursaí rith. Bhí siad ag fanacht an oíche sa bhrú agus bhí mise ag fanacht le chlann an bheanchéile Mícheál i Bré.

Bhí muid ag ligint ár scíth roimh an lá mór. Bhí muid ag déanamh staidéar ar an gcúrsa timpeall an cathair agus cén sórt luas ba chóir dúinn á dhéanamh chun ár sprioc a sarú. Ar ndóigh bhí sé ar ár n-intinn trí uair a cloig a bhriseadh. Chuaigh mé a chodladh timpeall a haon déag a chlog. Bhí féileacáin i mo bhlog ach ní raibh said go dona. Thit mé a chodladh go tapaidh agus níor dhúisigh mé go dtí gur bhuail mo aláraim ar a sé a chlog ar maidin.

Ar an gcéad dul síos, d’itheamar ár mbricfeasta. Bhí leite ag an beirt againn agus scónaí. Thug bean chéile Mícheál síob dúinn go dtí an luas agus thógamar an luas isteach go dtí an cathair. Bhuaileamar le Seán ag a deich chun a hocht a chlog. Bhí mé néirbhíseach ach bhí sceitiminí orm chomh maith. Thosaigh an rás ag a deich tar éis a naoi a chlog ar maidin. Bhí an cúigear againn ag tosnú an rás le chéile, mise, Mícheál, Seán, cara Mícheál darbh ainm Neil agus cara Neil darbh ainm Ken. Bhuail mé leo ag an leath-maratón sa Páirc an Phoenix.

Bhíomar ag rith le chéile ar feadh dhá mhíle agus ina dhiadh sin bhí mé sásta Mícheál agus Neil a ligint ar aghaidh, bhí said ag dul beagán ró-thapaidh domsa. Bhain mé amach Páirc an Phoenix tar éis cuplá mhíle agus at Míle a ceathair b’éigean dom piss a thogáil. Nuair a léim mé ar ais sa rás tar éis 30 soicind nó mar sin bhuail mé le Seán a bhí díreach tar éis piss a thogáil freisin. Shocraigh muid rith le chéile suas go dtí deich mile. Bhain mé taitneamh as an páirt seo den rás mar bhíomar ag caint le chéile agus bhí an luas compordach.

Nuair a bhain muid amach aon mhíle déag d’fhág mé slán do Sheán mar bhí sé ar m’intinn an luas a phioc suas. Áfach, bhuail mé arís le Seán mile amháin ina dhiaidh sin mar b’éigean dom piss a thogáil arís. Bhain mé amach an leath-maratón ag 90 nóimeád 30 soicind. Bhuail mé le cailín aclaí tamall ina dhiaidh sin as Luimineach. Bhi sí ina bhall do club triathlon. Bhí mé ag caint léi ar feadh mile nó mar sin. Nuair a bhain mé amach sé mhíle déag bhí gach rud ag éirí níos deacra, bhí mo chosa ag éirí níos troime agus ag éirí níos pianmhara. Mar sin féin bhí mé ag taisteal go maith, timpeall sé mhíle is caoga soicind nó mar sin. Fuair mé tacaíocht ó cailín a bhí mé ag obair léi i Sligeach ag timpeall naoi mhíle déag agus fuair mé tacaíoct ó chara mo dheirfiúr chomh maith. Tá an tacaíocht ó na lucht féachana an tábhachatach ó 19 mhíle ar aghaidh dar liom.

Bhuail mé le Mícheál arís ag naoi mhíle déag go leith. Bhí sé ag fualaingt beagán, d’fhág mé é ag fiche mile. Bhain mé amach fiche mile ag dha uair a chloig is seacht nóiméad déag go leith. Bhí a fhios agam ag an t-am sin gur féidir liom trí uair a bhriseadh dá bheinn in ann 6:50 luas a coimead suas. Tháinig sceitiminí orm at dhá mhíle is fiche mar bhí mé fós ag taisteal go maith ach bhí mo chosa tuirseach agus pianmhar agus trom. Bhí mé ag taisteal níos tapaúla ná na iomaitheoirí eile ach amháin fear a bhí ag caitheamch geansaí Celtic. Ghabh sé tharam agus a chosa in airde.

Nuair a chonaic mé an fógra le haghaidh cúig mhíle is fiche, dúirt mé liom féin ‘draíocht’. Phioc mé suas an luas nuair a gabh mé thar an fógra agus go tobann bhí a fhios agam go raibh a lán neart fós liom. Bhí slua mór ar na sráide agus iad go léir ag béiceadh agus ag screadáil. Nuair a bhain mé amach sráid Nassau phioc mé suas an luas arís agus bhí mé ag taisteal go han tapaidh ag an bpóinte sin. Ní raibh aon rogha agam, bhí a fhios agam nach raibh go leor ama fágtha. Chonaic mé bean chéile Seán ar an cosán agus í ag tabhairt an-tacaíoct domsa. Bhí sí ag béiceadh agus ag ard a gotha. Nuair a tiontaigh mé ó Sráid an Chláir go dtí Cearnóg Mhuireann ní raibh ach ochtó slata fágtha ach chonaic mé an chlog atá os cionn an line deireadh agus ag an bpóinte sin fuair mé amach nach raibh mé in ann mo sproic a bhain amach. Bhí fear díreach os mo chomair agus theip air trí uaire a bhriseadh cosúil le mise. Bhí seisean trí soicind taobh amuigh agus mise sé soicind taobh amuigh. Bhí an tráchtaire ag spreagadh an slua nuair a bhí na iomraitheoirí ag iarraidh trí uaire a chloig a bhriseadh agus nuair a thuig an slua nach raibh mise agus an fear eile abálta trí uaire a bhriseadh bhí díoma orthu.

Bhí mé an sásta nuair a chríocnaigh mé an rás, bhí mo chosa tinn, tuirseach agus pianmhar. Ach ag an am chéanna bhí saghas díoma orm mar theip orm ag deireadh an lae. Quelle rás. Bhain Mícheál amach an line deireadh ag trí uaire is trí nóimeád agus bhain Seán amach an line deireadh ag trí uaire is aon nóimeád déag. Bhain Ken amach and line ag dhá uaire is seacht nóiméad is caoga. Ar an droch uair d’éirigh Neil as an rás mar bhí sé ag fualaingt, ní raibh sé ag braithnú go maith.