mikesdipper

Tuesday, May 29, 2007

Ar ais ag blogadóireacht

Tá brón orm a dhaoine uaisle maidir le mo easpa bloganna le deanaí. Chun an fhirinne a rá bhí mé ag smaoineamh ar éirí as blogadóireacht. Ach tháinig uaigneas orm agus ní raibh aon leigheas ar ach bheith ag blogaíl arís. Mar sin, táim os chomhair an riomhaire anois chun mo uaigneas a ligint ar leath thaobh. Ceart go leor, tháinig a lán rud ó mo bhlog deireanach. Tháinig na scrudaithe agus d’imigh na scrudaithe. D’éirigh mé ceart go leor sílim ach ar ndóigh níl mé cinnte dearfach. Tar éis na scrudaithe chuamar amach ag ól, ach roimhe sin chuaigh mé ag snámh i leisureland. Bhuail mé mo chairde sa teach taibhairne ‘living room’ timpeall a dó a chlog. Bhí gach duine ag ól. Is fear eolas mé agus tá taithí agam ar cursaí ól um iarnóin agus ní réitionn sé liom. Mar sin, níor ól mé mo chéad deoch go dtí leathuair tar éis a cúig.

Ar ndóigh bhí gach duine ar meisce roimh a seacht a chlog ach amháin, mé féin. Áfach bhí an craic go maith. Bhuaileamar le daoine eile go deireanach san oíche sa tigh ‘front door’, ach bhí an bar dúnta nuair a thángamar agus mar sin ní raibh deoch le fáil. Bhí gach duine eile ag dul chuig CP’s agus bhí cuplá daoine ag cur brú orainn dul in éineacht leo. Pé scéal é, shleamhnaigh muid i malairt treo mar ní raibh suim dá laghad againn dul chuig CP’s. Bhí an oíche beagnach críochnaithe agus chuamar abhaile. Ar an droch uair, maidir le cursaí grá, ceapaim gur rinne mé botún agus ní dóigh liom go bhfuil mé in ann é a cur i gceart. Ach sin scéal eile.

I nuacht eile, fuair mé mo toradh ón scrudú béal a dhearna mé cuplá mí ó shin agus d’éirigh mé. Rith mé an rás i killnaboy an mí seo caite. Agus rith mé rás i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn seo caite. 10 Ciliméadar a bhí i gceist ach chun an fhirinne a rá bhí sé timpeall 10.3 Ciliméadar. Bhris mé an bacainn 40 nóiméad agus bhí mé an sásta leis. Ní raibh sé éasca ar chor ar bith. Chuala mé trácht gur chríochnaigh mé san uachtair 15. Míadmhárach, fuair beirt duine an cheann is fearr orm sa 300 méadar deireanach. Ach is Cuma, bhí mé thar a bheith sásta. Ach de bharr an rás sin táim fós ag fualaint le cloig cosa. Tá said ar bhonn mo chos dheis agus tá said an-tinn. Caithfidh mé mo scíth a ligint ar feadh cuplá lá. Ach, tá rás eile ar siúl Dé Luain seo chugainn I cathair Corcaí. Tar éis an rás I mBaile Átha Cliath, chuaigh mé amach ag ól le Boss agus bhí muid ar meisce, ach bhí sé tuillte agam.

Anois, táim beagnach críochnaithe, fuair mé cuireadh bainis ó sean cara liom ón scoil. Tá an bainis ar siúl Dé hAoine beag seo i gcontae Chill Dara. Críochnóidh mé mo cleachtadh múinteoireacht amárach fosta. Mar sin, beidh mé saor. Níl beart déanta agam le haghaidh an samhradh, ach tá súil agam gur aimsóidh mé post mar múinteoir béarla sa scoil teanga anseo i nGaillimh.

Go dtí an chéad lá eile

Slán agus beannacht