mikesdipper

Saturday, October 27, 2007

Deireadh do mo tréimshe i nGaillimh

Dia Dhuit ansin,

Mícheál anseo. Ar an droch uair chríochnaigh mé mo obair sa scoil teanga inné agus mar sin tá mé dífhostaithe agus níos measa na sin, caithfidh mé bogadh abhaile an seachtain seo chugainn mar beidh mé ag tosnú obair in oifig m’Athair. Níl mé ag tnúth leis, ach amháin tá sé deas go bhfuil obair agam.

Le ceithre seachtaine anuas bhí mé ag traenaíl don mharathon. Ar an droch uair ghortaigh mé mo chos (mo cholpa chun beith níos cruinne). D’éagraigh mé coinne leis an fisiteirpeoir agus faoi láthair is dóigh liom go bhfuil mé ar mo chumas arís. Áfach De bharr an gortú, chaith mé cuplá lá bheith ag ligint mo scíth. Ar aon nós, tá mé ag tnúth leis an rás fhada anois. Tá sé ar siúl i mBaile Átha Cliath Dé Luain beag seo. Tá sceitiminí orm faoi an rás. Beidh Mícheál eile agus Seán ó an Caisleán Nua ag glacadh pairt chomh maith. Is é an ceann scribe atá ag an triúr againn ná trí uair a chloig a bhriseadh.

I gcursaí eile tá mé trí chéile faoi chailín eile. Níor chuala mé tásc ná tuairisc ó an cailín eile a bhí mé ag scrióbh le deanaí. Ar aon nós tá suim agam i gcailín nua anois, an cailín a bhuail mé léi don chéad uair thuas i nGleann Cholm Chille anuaraidh. Bhí mé amugih ina dteannta cuplá uair ag ól agus chuamair chuig ghig Cathy Davey le chéile. Níl mé cinnte an bhfuil aon suim aici ionam ach ar aon nós tharla an rud céannan céanna, ní dhearna mé aon ghluais. Is é an rud atá ag cur isteach orm ná bhí a fhios agam go mbeidh mé ag bogadh ar ais abhaile go luath agus mar sin ní bheadh mé i mo chonaí i nGaillimh. An dara rud, tá sé ar m’intinn dul thar lear chun Béarla a mhúineadh agus Fraincís a fhoghlaim agus mar sin cad é an póinte.

Oíche Dé Chéadaoin seo caite bhí mé ag an cruinniú ceann bliana de chuid an Club Triathlon. Bhíomar i dteagmháil le chéile agus bhí a fhios agam go raibh sí amach lena cairde. Fuair mé teachtaireach i rith an cruinniú ach níor fhreagair mé go dtí deireadh an cruinniú. Scríobh sí ‘tá muid i mbar ar na duganna. Ar mhaith leat teacht anseo nó arbh fhearr leat buaileadh le chéile áit éigean eile’. Scríobh mé gur rachaidh mé go dti an mbar ar na duganna ach fuair mé teachtairecht cuplá nóiméad níos deanaí go raibh sí ag dul abhaile agus b’fhéidir gur mbuailfimid le chéile an lá dar gcionn sa café. Rinne mé botún, sin é a cheapann mise ar aon nós.

Slán anois