mikesdipper

Wednesday, June 06, 2007

Táim dífhostaithe go hoifigiúil

Bail ó Dhia oraibh,

Tá súil agam go bhfuil gach duine ceart go leor. Táim féin ceart go leor ach amháin go bhfuil mé dífhostaithe. Beidh se togha ar feadh cuplá lá ar aon nós. Bhí deireadh seachtaine an-ghnóthach agam. Deireadh seachtaine fhada a bhí ann. Dé hAoine b’éigean dom dul chuig teach Sráfan I gcontae Cill Dara mar bhí bainis Mark ar siúl sa Club K. Lá breá brothallach a bhí ann agus muid go léir ag caitheamh eadaí galanta (ócáid carabhat dubh). Mar sin thóg mé mo chasóg veilbhit dubh as an feisteas. Bhí mé ag breathnú go hálainn mar a tharlaíonn sé. Bhí mé i mo shuí in aice le Corrie sa seipéal agus é i mbun amhránaíocht. Chas sé amhrán álainn darbh ainm ‘an taiséirí’.

Bhí failtiú champagne ar siúl i ndiaidh an Aifreann sa óstán. Champagne bándearg a bhí ag dul thart timpeall agus banna ceol ag seinm. Bhí said ag seinm ceol jazz, sílim. Bhí cuplá daoine ann nach bhfaca mé le fada fada an lá. Bhí roinnt daoine ann a bhí aithne agam ón scoil mar bhí siad i mo rangsa. Is deas buaileadh le mo sean cairde.

Tar éis an béile mór galánta thosaigh mé agus siúd nach raibh ag ól go trom go dtí an t-am seo, ag ól. Bhí na deochana soar in aisce. Chaith mé cuplá cruthanna ar an urlár damhsa roimh deireadh an oíche. Níl a lán airgid agam faoi láthair agus mar sin bhí sé ar mo intinn an oíche a chaitheamh i mor charr. Áfach, ag deireadh an oíche dúirt mo chara Gavin, ‘yerra ná bac, tar in éineacht liom chuig mo Bh & B’. Bhí mé I mo chodladh ar an urlár nuair a tháinig Lynam istigh ag 5.30. Phioc sé suas mé agus chaith sé ar leaba Gavin mé. Buachaill tréan is ea Lynam, gan dabht. D’éirigh mé ar a naoi a chlog mar theastaigh mé an B & B a thréig go múch mar níor theastaigh mé an bean an tí a bhualadh. Ar an droch uair bhí sí thart agus í i bhfeighil an tí. Cailín deas a bhí ann agus d’inis mé mo scéal di agus níor chuir sí táille orm pé scéal é gur chaith mé an oíche ansin. Ansin, chuaigh mé go dtí an óstán mar bhí mo charr ansin. Socraigh mé dul ag rith.

Dé Domhnaigh, chuaigh mé agus mo chara Mícheál chuig cathar Chorcaí mar bhí rás mór again Dé luain. Chaitheamar an oíche I dtigh Seán H. Roimhe sin chuamar go dtí cóisir pasta sa óstán Montenotte. Lá arna mhárach, d’éirigh muid go múch ar maidin mar bhí an rás ag tosnú ar a naoi a chlog. Bhí Mícheál ag rith an Marathon iomarca agus bhí an beirt againn ag rith mar fhoireann chomh maith. Nuair a bhain Mícheál amach an bother Ringmahon ag 10.8 míle (an áit in a bhfuil na foirne ag fánacht ag céim 3) thosaigh mé ag rith in éineacht leis. Bhí sé ag taisteal an tapaidh. Bhain sé amach 10 míle at 65 nóiméad. Ní raibh mé ag súil le Míchéal go dtí 75 nóiméad ach shroich sé mise ag 70 nóiméad. Bhain muid amach an leath marathon ag 86 nóiméad, agus go giorra ina dhiadh sin thosaigh sé ag fualaingt mar bhí sé an te agus ní raibh go leor fuinneamh fágtha aige. In ainneoinn sin, is duine aclaí é Míchéal agus lean sé ag obair go dian ar na bóithre chun an sprioc, 3 huaire a chlog a briseadh. Ar an droch uair, theip air ag deireadh an lae, ach bhí muid sona sásta leis an t-am a fuair sé ar aon nós. 3 huaire 2 nóiméad, dochreidte.

Bhí Siobhán ag rith an rás chomh maith, a céad marathon mar a tharlaíonn sé. Bhain sise amach an line chríche at 12:22.55 pm. Cailín aclaí is ea í freisin. Rith sí an marathon I 3 huaire 22 nóiméad. Mar a tharlaíonn sé, bhí mé ag féachaint ar an marathon nuair a tháinig sí isteach ar sráid Phádraig, agus bhí ionadh an domhain orm. Bhí an t-am tuillte aici, chríoch sí sa naoú áit, dochreidte.

Bhain mé an taitneamh as an deireadh seachtaine, agus anois tá mé ag smaoineamh ar an marathon arís, le cúnamh Dé.

Slán a chairde gael