mikesdipper

Thursday, July 19, 2007

Mícheál dífhostaithe arís

Ceart go leor gach duine. Bhuel, aon scéal agaibh. Ar an droch uair agus tú ag féachaint ar an gceannlíne thuas, tá mé as obair arís. Bhí mé ag abair mar múinteoir ionaid Dé Luain seo caite ach sin an méid. Tá mé ag smaoineamh ar obair táibhairne ach níl mé cinnte. Tá mé ag smaoineamh chomh maith ar obair toilteanach don fleadh atá ar siúl faoi láthair i nGaillimh ach níl mé cinnte. Chomh maith le sin agus coimeád do anáil, tá mé ag smaoineamh ar dul isteach go ‘homelawdirect’ agus caint a dhéanamh leis an gceannasaí faoi obair samhradh. An bhfuil mé as mo mheabhair?

Maidir le cursaí aclaíochata. Rinne mé an aquathon arís Dé Máirt seo caite agus d’éirigh mé go han mhaith. Ceapaim go bhfuil mé níos mire ag rith ach tá sé crua.Ceapaim gur críochnaigh mé sa triú háit ach níl mé cinnte. Tá rás agam Dé Sathairn i Eochaill i gContae Corcaigh. Tá mé ag tnúth leis mar tá mé réidh ach beidh mé néirbhíseach. Triathlon gearr atá i gceist. Beidh Seán as an Caisleán Nua ag glacadh páirt chomh maith agus beidh mé ag fanact leis i gCorcaith an oíche roimhré sílim.

Ceart go leor, sin a bhfuil. Is ar éigean dom imeacht anois mar tá mé ag dul ag snámh san fharraige ar bóther na trá níos deanaí.

Slán go fóill

Tuesday, July 10, 2007

Bhain mé amach mo sprioc don bhlian agus tá mé an sásta leis

Conas atá sibh ar chor ar bith. Bhuel, tá brón orm faoin easnamh teachtaireacthaí ar mo bhlog, ach bhí mé gnóthach agus anois tá a lán nuacht agam. Ar dtús báire tá mé ag obair faoi láthair. Táim ag obair mar múinteoir Béarla i scoil teanga atá lonnaithe i scoil Mhuire ar bóthar Mhuire. Scoil samhradh atá ann agus tá na céadta scoláirí eachtracha á freastail. Thosaigh mé ag obair ann seachtain is an lá inné. Míamhárach, ní bhfuair mé ach conradh coicíse. Mar sin, feictear domsa go mbeidh mé dífhostaithe arís Dé hAoine beag seo.

Sheol mé mo CV do scoil teanga eile ar bóthar na trá, ach ní bhfuair mé aon scéal uathu fós. Maidir le cursaí eile. Rinne mé mo chéad triathlon riamh Dé Sathairn seo caite. Bhí sé ar siúl i gCill Chiarán i gConmara. D’éirigh mé go han mhaith dar liom. Bhí mé neirbhíseach faoi an snámh roimh ré, ach bhí an fharraige an chiúin Dé Sathairn agus mar sin bhí níos mó múinín agam. Thosaigh an rás ag a haon déag a chlog ar maidin. Ar dtús, b’éigean dúinn bheith ag snámh agus ina dhiaidh sin rothaíocht agus ar deireadh rith. D’éirigh mé go maith ag snámh agus críochnagih mé an 1,500 méadar I timpeall noiméad is tríocha. Fuair mé buzz an mhór agus mé ag teacht amach as an fharraige agus na lucht féachana ag bualadh bos. Áfach, ní raibh mé go hiontach ar an rothar. Ghabh a lán daoine tharam le linn an rothaíocht. Bhí mé uair a chloig is dhá nóiméad is tríocha ar mo rothar. Ina dhiaidh sin bhí 10 ciliméadar romham suas agus síos cnoic. Críochnaigh mé an rith i trí nóiméad go leith is daichead.

Chríocnaigh mé I triochadú áit ag deireadh an lae leis an am leanúint (2.51). Bhí mé sásta.

Anois, go dtí an chéad am eile.

slán