Rás dochreidte is ea an Maratón
Ceart go leor gach duine. Ar dtús báire caithfidh mé a rá go raibh sár rás agam i rith an marathon. Bhuel, beagnach an rás foirfe. Bhí sceitiminí agam faoi an rás. Bhuail mé le Seán ón Caisleán Nua agus a bhean Chéile ag an Expo. Tar éis an clárú d’ólamar cupán tae le chéile agus d’itheamar pláta pasta le chéile. Bhí go leor caint again faoi an rás mór agus cursaí rith. Bhí siad ag fanacht an oíche sa bhrú agus bhí mise ag fanacht le chlann an bheanchéile Mícheál i Bré.
Ar an gcéad dul síos, d’itheamar ár mbricfeasta. Bhí leite ag an beirt againn agus scónaí. Thug bean chéile Mícheál síob dúinn go dtí an luas agus thógamar an luas isteach go dtí an cathair. Bhuaileamar le Seán ag a deich chun a hocht a chlog. Bhí mé néirbhíseach ach bhí sceitiminí orm chomh maith. Thosaigh an rás ag a deich tar éis a naoi a chlog ar maidin. Bhí an cúigear againn ag tosnú an rás le chéile, mise, Mícheál, Seán, cara Mícheál darbh ainm Neil agus cara Neil darbh ainm Ken. Bhuail mé leo ag an leath-maratón sa Páirc an
Bhíomar ag rith le chéile ar feadh dhá mhíle agus ina dhiadh sin bhí mé sásta Mícheál agus Neil a ligint ar aghaidh, bhí said ag dul beagán ró-thapaidh domsa. Bhain mé amach Páirc an
Nuair a bhain muid amach aon mhíle déag d’fhág mé slán do Sheán mar bhí sé ar m’intinn an luas a phioc suas. Áfach, bhuail mé arís le Seán mile amháin ina dhiaidh sin mar b’éigean dom piss a thogáil arís. Bhain mé amach an leath-maratón ag 90 nóimeád 30 soicind. Bhuail mé le cailín aclaí tamall ina dhiaidh sin as Luimineach. Bhi sí ina bhall do club triathlon. Bhí mé ag caint léi ar feadh mile nó mar sin. Nuair a bhain mé amach sé mhíle déag bhí gach rud ag éirí níos deacra, bhí mo chosa ag éirí níos troime agus ag éirí níos pianmhara. Mar sin féin bhí mé ag taisteal go maith, timpeall sé mhíle is caoga soicind nó mar sin. Fuair mé tacaíocht ó cailín a bhí mé ag obair léi i Sligeach ag timpeall naoi mhíle déag agus fuair mé tacaíoct ó chara mo dheirfiúr chomh maith. Tá an tacaíocht ó na lucht féachana an tábhachatach ó 19 mhíle ar aghaidh dar liom.
Bhuail mé le Mícheál arís ag naoi mhíle déag go leith. Bhí sé ag fualaingt beagán, d’fhág mé é ag fiche mile. Bhain mé amach fiche mile ag dha uair a chloig is seacht nóiméad déag go leith. Bhí a fhios agam ag an t-am sin gur féidir liom trí uair a bhriseadh dá bheinn in ann
Nuair a chonaic mé an fógra le haghaidh cúig mhíle is fiche, dúirt mé liom féin ‘draíocht’. Phioc mé suas an luas nuair a gabh mé thar an fógra agus go tobann bhí a fhios agam go raibh a lán neart fós liom. Bhí slua mór ar na sráide agus iad go léir ag béiceadh agus ag screadáil. Nuair a bhain mé amach sráid
0 Comments:
Post a Comment
<< Home