mikesdipper

Sunday, September 30, 2007

Ag obair I nGaillimh

A dhaoine Uaisle,

Conas atá sibh go léir, ar dtús báire, tá mé fós i gcathair na Gaillimhe agus bím ag múineadh Béarla do na eachtranaigh le ceithre seachtaine anuas. Is maith liom an obair seo mar níl a lán sturs ag baint leis agus de ghnáth bím saor san iarnóin agus mar sin tá go leor ama agma bheith ag traenáil. Chomh maith le sin tá aithne agam ar roinnt muinteorií ansin agus is múinteoirí deasa iad go léir. An chéad lá ansin, bhí cruinniú ann do na múinteorí nua agus cé a bhí ann ach cailín a bhí aithne agam uirthii ó Gleann Cholm Cille anuraidh. Bhí sé an aisteach mar thosnáiomar ag caint faoi Dún na nGall agus fuair mé amach go raibh sise ag an gcúrsa in Oideas Gael an seachtain roimh mise agus mar a tharlaíonn sé bhí aithne aici ar an cailín a bhí suim agam inti. Agus níos aistí ná sin, fuair sí teachtaireact text uaithi le déanaí agus mar sin bhí a uimhir guthán aici. Bhuel………tar éis seachtaine fuair mé an misneach agus d’fiafraigh mé urithí an bhféadadh sí a uimhir a thabairt domsa. Agus… thug sí an uimhir domsa. Cuplá lá ina dhiadh sin sheol mé teachtaireact di agus fuair mé freagra. Cailín gnóthach atá inti ach dúirt sí go mbeidh sí dteagmháil liom an chéad t-am eile a mbeidh sí i luimineach.

Bhí deireadh seachtaine craicáilte agam and deireadh seachtaine seo caite. Chuaigh mé go Baile Átha Cliath Dé hAoine agus Rith mise agus Mícheál eile an leath-marahon i bPáirc Phoenix. Ar an droch uair, bhíomar déanach agus ni raibh go leor ama againn ár uimhir a phiocadh suas. Mar sin rithemar neamhcláratihe. Ach is Cuma, chríochnaigh mé an rás tar éis uair a chloig is 24 nóiméad. Bhí mé sásta leis, ach ar an droch uair scoilt mo chraiceann faoi mo ladhar beag agus bhí sé an tinn ag siúl air. Ach bhí triathlon le déanamh agam an lá dar gcionn i mBaile Locha Riach.

Bhí mé ag caint le Seán, an triathlete ó Caisleán Nua ar an guthain agus chuir sé misneach orm. B’éigean dom fanacht sa cathair go dtí a deich a chlog tráthnóna mar bhi cuireadh faighte agam chun cóisir san Odeon. Bhain mé amach Gaillimh ar a haon a chlog ar maidin, bhí tuirse orm. Ar aon nós, chuaign mé go Baile Locha Riach an lá dar gcionn agus rinne mé an triathlon. D’éirigh mé réasunta maith ach rinne me botún ag tosadh an snámh, ach tháinig mé chugam féin. D’éirigh mé ceart go leor sa rith, gabh mé tharthu go leor daoine ar aon nós. Chríochnaigh mé sa dara háit is daichead. Bhí mé amach ar feadh 2 uair a chlog is 49 nóiméad.

Bhí mé thar a bheith sásta le mo iarracht, bhí mé aigne ard sa spéir ar an turas abhaile. Anois tá mé ag smaoineamh ar an marathon ach fuair mé slaghdán Dé Céadaoin seo caite agus mar sin ní raibh mé ag treenail.

Slán anois a dhaoin uaisle