mikesdipper

Thursday, January 10, 2008

Ag fagáil Éirinn

Ceart go leor laids, conas atá sibh,

Tá brón orm mar ní raibh mé ag scrióbh le deanaí. Níl a fhios agam cén fáth, ach anois táim ag cur rudaí i gceart. Bhuel, cá tosnóidh mé? Tharla a lán rud ó bhí mé a scríobh an am deireadh. Ar dtús báire, bhí mé ag obair in oifig m’Athair agus mar sin bhí mé ag saothrú airgead arís. Bhí mé ag obair mar fear ionad mar bhí m’uncail as láthair da bharr a cromán. Bhí an obair deacair go leor ach lá ina dhiadh lá tháinig cleachtadh agam air agus bhí runaí agam chun cúnamh a thabhairt orm chomh maith. Ar dtús bhí mé ag cur glaoch ar mo dheirifiúr thuas staighre deich uair ar a laghad in aghaidh an lae. Ach nuair a thagann cleachtadh agam ar cursái bhí mé níos fearr. Áfach, ní raibh a lán craic ann nó sport ach amháin, mise ag cumadh litreacha ait ar an dictophone. Mar shampla, bhí mé ag cumadh litir ar son ár client agus bhí an cliant seo ag tairiscint suíomh do duine eile ar costas €100,000. Ach, nuair a bhí mé ag cumadh an litir, dúirt mé ar an dictophone, “Ba mhaith leis ár client an suíomh seo a thairig duitse ar costas...céad million Dollars…” Bhí mé ag déanamh tagairt do Austin Powers.

I mí na Nollag, fuair mé cuireadh ó Emma, an cailín a bhí mise ag fanacht léi nuair a bhí mé i mo chonái i nGaillimh. Bhí sise ag eagrú coisir i dtig a Athair i gCinn Mhara. Seachtain roimh an coisir bhí mé i teacsáil cailín. Bhí aithne agam uirthi ó Atlantic Language agus thug mé cuireadh di chuig an coisir. Ar aon nós, phioc mé suas i nGaillimh roimh an coisir agus thiomáin muid chuig Cinn Mhara. Ar dtús, cheacáil muid isteach i mbrú óige, míle suas an bother ó teach an coisir. Bhí a lán craic ann, agus bhí mise agus gach duine eile, mo data in aireamh, ar meisce. Ag deireadh an oíche shiúil mise agus mo chailín ar ais go dtí an brú. Bhí drochaimsir ann, agus ar an turas abhaile phóg muid. Tá cion agam ar an cailín seo agus chaith muid an lá leanúint le chéile ag caint agus d’ithemar lón sa teach táibhairne i gCinn Mhara. Thug mé síob di ar ais go Gaillimh agus gabh mé slán di.

Roinnt lá ina dhiadh sin bhuail mé léi arís. Bhí Liam (an fear atá aithne againn air ó oideas gael) ag seoladh a leabhair in amharclann na Gaillimh. Thiomáin mé suas agus thóg mé leathlá ón obair. Bhuail mé léi agus bhí a cara léi chomh maith. I ndiaidh an seolad chuamar go dtí Eddie Rockets. Bhí a lán caint againn. Go luath bhí sé in am dul agus shiúilmara go dtí an Fhaice Mhór. Ghabhamar slán agus bhí póg gearr againn. Ar aon nós thiomain mé abhaile. Bhí an scéal eadrainn casta, mar bhí mise I mo chonaí abhaile faoi láthair agus chomh maith le sin bheinn ag dul thar lear go luath. Ach bhí rud eile ar mo intinn, cuplá seachtain roimhe sin, chinn mé gur choir dom teacs eile a sheol go dtí an cailín a bhuail mé léi in Oideas Gael i rith an tsamhraidh. Ach níor sheol mé an teacs ag deireadh an lae mar bhí a fhios agam go mbeidh mé ag bualadh leis an cailín as Gaillimh ag an coisir Emma.

Maidir le cursaí aclaíocht, rith mé rás ar lá féile Stiofáin I mBéal Áth an Rí. 10 Km a bhí i gceist. Chríochnaigh mé sa triochadú áit, 38.32. Bhí mé sásta go leor, bhuail mé le D’arcy ann. Bhí sé suas san aer gur b’fhéidir go mbeidh an cailín as Gaillimh ag an rás chun tacaíocht a thabhairt dom, ach ní raibh sí. Bhuail mé léi níos deanái sa lá sa café. Bhí drochscéal aici agus dúirt sí go bhfuil cion aici ar buachaill eile. Bhí díoma orm ach ag an am céanna, bhí mé ag smaoineamh gur sin an rud is fearr domsa mar bhí mé ag dul thar lear go luath. Ar mo turas abhail sa carr bhí mé ag éisteach le ceol agus bhí mé ag smaoineamh ar téacs a seoladh chuig an cailín as Cromadh, an Cailín ó Oideas Gael. Lá arna mhárach agus mise ag cleachtadh roinnt gluais MJ agus ag éisteacht le Neil Young, sheol mé téacs di agus bhauil mé léi an lá dar gcionn i Marguerrites.

Rith mé rás eile i rith an Nollaig i gContae an Chláir. Bhí D’arcy ag rith arís agus cuplá cara agam ón scoil, Donnacha agus J. Bhí craic ann, ach bhí an aimsir go dona. Chríochnaigh mé sa cúigiú áit. Seo é mo ionad is fearr dá chríochnaigh mé riamh i rás. Bhí coimhlint mór agam le fear eile ach ag deireadh an lae chríochnaigh mé chun cinn air. Bhí an cúrsa deacair agus bhí mo am níos moille ná an lá i mbéal Áth an Rí, 39:45. Cuplá lá ina dhiadh sin bhí tuairisc faoi an rás sa Clare Champion agus bhí mo phictiúr ann le hais D’arcy. Ach rinne said botún agus chuir said ainim difriul sa pápéir in áit mo ainmse.

Bhuail mé leis an cailín as Cromadh arís cuplá lá ina dhiadh sin ag pantomime san Amhrarclann mór i UL. Bhain mé taitneamh as an oíche agus tá suim mór agam inti. Chuaigh mé go Baile na hInse cuplá lá ina dhiadh sin. Phioc mé suas ‘Boss’ ar mo bhealach agus thiomáin muid go teach mo shean tiana talún. Bhí muid ag fanacth léi ach bhí muid in Inis chun cuplá deoch a ól le seanchomhghleacaí as Oifig MHP. Bhí a lán craic agus ól agus sport againn. An lá dar gcionn chuaigh mé ag rothaiocht le ‘Boss’ ach ar an drochuair fuair mé dhá pholladh agus ag deireadh an lae b’éigean d’athair ‘Boss’ teacht amach sa charr chun mise a tharrtáil.

An oíche sin bhuail mé leis an Cailín as Cromadh arís. Bhí a deirfiúr agus a dearthaír ina dteannta agus bhí mo dheartháir i mo theannta. Bhí craic againn ach bhí brón mór orm í a gabh slán ag deireadh an oíche. Thóg mé póg di ar a leiceann. O mo Dhia, tá cion an mhór agam uirthi. Ach táim i bponc mar tá mé ag dul thar lear agus ní bheidh mé timpeall. An ceist don bhliain 2008, cad a titfidh amach idir mise agus an Cailín álainn, gealgháireach, aclaí, cliste seo.


Slán agus beannacht