mikesdipper

Thursday, April 05, 2007

Tá an aimsir go háilinn, nach bhfuil

Bail ó Dhia oraibh, conas atá sibh. Tá mé go maith. Tá mé ar mo laethanta saoire anois ó scoil agus ó coláiste. Ach tá obair le déanamh agam, an dtuigeann tú, tionscnaimh atá i gceist. Ach rinne mé iarracht maith le cuplá la anuas agus beidh mé ag dul abhaile amárach Aoine an Chéasta. Tá mé ag tnúth leis. Tá sé deacair go leor bheith ag staidéar nuair atá tú ar do saoire ó scoil agus tá an aimsir go breá. Seactain deacair a bhí ann an seachtain seo mar bhí mé ag déanamh dian traenáil chomh maith, san linn snámha agus ag rith. Ach tá mé do mo spreagadh mar tá rás bóthar agam i Killnaboy Dé Domhnaigh, deich míle. Maidir le mo chorp, tá mé ceart go leor anois buíochas le Dia. Ar aon nós, go dtí an chéad lá eile. Slán agus beannacht